Bell X1

Flame

Bell X1
Iers-Gaelisch vertaling Vertalingen 2 vertalingen Vertalingen 2
Add to favorites
Album:
Flock
Originele teksten
Engels
Vertaling
Iers-Gaelisch

Flame

Bladhm

Nuair a bhuail tú ar thaobh liom,
chaill mé mo ghreim,
Is ní bhinnse tógtha leis seo,
easpa taithí i bhfeidhm
B'fhéidir go bhfuilim ag eirí,
beagáinín sean
Ach ag breathnú ar do chruth,
ag breathnú chomh teann,
Á tharraingt, á tharraingt chuig do bhladhm
 
Táim ag iarraidh a bheith taobh leat,
i do sholas úrnua
Is suí cois tine,
ar oíche fhuar dhubh
Taobh do bhladhm
 
Táim ag iarraidh a bheith taobh leat,
i do sholas úrnua
Is suí cois tine,
ar oíche fhuar dhubh
 
Leátar do cholainn liom
ar nós na Comaoineach
Ach níor lig tú do Chríost
do chloigeann a líonadh
Tá cuimhne an ghrá seo
ag crochadh i mo chroí,
Ach labharfainn níos mó faoi,
dá dtuigfinn an bhrí
Ach labharfainn níos mó faoi,
dá dtuigfinn an bhrí
 
Faigh réidh leis an scáth seo,
dod bhrú 'nois ag cromadh
Faoi na craobhacha,
tar éis báisteach throm
Ar do bhladhm
Faigh réidh leis an scáth seo,
dod bhrú 'nois ag cromadh
Faoi na craobhacha,
tar éis báisteach throm
Ar do bhladhm
 
Táim ag iarraidh a bheith taobh leat,
i do sholas úrnua
Is suí cois tine,
ar oíche fhuar dhubh
Taobh do bhladhm
 
Táim ag iarraidh a bheith taobh leat,
i do sholas úrnua
Is suí cois tine,
ar oíche fhuar dhubh
 
Scaoil tú do bhladhm,
istigh i spás mo chroí
Scaoil tú do bhladhm,
ag lasadh chuile ní
Is tá do bhladhm,
líonadh ballaí lena scáth,
 
Faigh réidh leis an scáth seo,
dod bhrú 'nois ag cromadh
Faoi na craobhacha,
tar éis báisteach throm
Ar do bhladhm
 
Faigh réidh leis an scáth seo,
dod bhrú 'nois ag cromadh
Faoi na craobhacha,
tar éis báisteach throm
Ar do bhladhm
 
Faigh réidh leis an scáth seo,
dod bhrú 'nois ag cromadh
Faoi na craobhacha,
tar éis báisteach throm
Ar do bhladhm
 
Faigh réidh leis an scáth seo,
dod bhrú 'nois ag cromadh
Faoi na craobhacha,
tar éis báisteach throm
Ar do bhladhm
 
Táim ag iarraidh a bheith taobh leat,
i do sholas úrnua
Is suí cois tine,
ar oíche fhuar dhubh
 
Táim ag iarraidh a bheith taobh leat,
i do sholas úrnua
Is suí cois tine,
ar oíche fhuar dhubh
 
Táim ag iarraidh a bheith taobh leat,
i do sholas úrnua
Is suí cois tine,
ar oíche fhuar dhubh
 
Táim ag iarraidh a bheith taobh leat,
i do sholas úrnua
Is suí cois tine,
ar oíche fhuar dhubh
 
expand collapse Translation details
AndrewJ AndrewJ
submitted on 10 mrt 2013 - 19:34
Give a shoutout to AndrewJ
Toelichting van de vertaler:

Official Irish version

Vertalingen